A ainm agus bunadh a mhuintir. Bhí a mháthair ar fostú i gCill Mhic Réanáin agus casadh a fear uirthi ansin, nuair a pósadh iad, d’imigh siad chun na hAstráile. Rugadh Jimmy agus a dheartháir san Astráil. Tá Billy, a dheartháir marbh anois, go ndéanfaí Dia mhaith air. Fuair a athair bás óg, measann sé le brú fola; ní raibh Jimmy ach 1½ bliain d’aois nuair a tharla sin.
00:04:15
Phill siad na bhaile i ndiaidh sin. I mbaile a mháthar atá siad ina gcónaí anois. Thosaigh sí siopa, bhí airgead gann ag daoine agus bhíodh siad ag cuartú léir ábhair ar cairde. Bhí sé deacair gnó a dhéanamh mar sin. Bhí sí ag déanamh na hoibre seo ar feadh cúpla bliain.